Killykeen_cavan_lakelands

Saoráil Faisnéise

Ceisteanna Coitianta faoi Shaoráil Faisnéise

Ceisteanna Coitianta faoi Shaoráil Faisnéise

  1. Cad is saoráil faisnéise ann?
  2. Conas a dhéantar iarratas ar shaoráil faisnéise?
  3. Cad is fiú saoráil faisnéise?
  4. Conas a oibrítear an córas?
  5. Cén rochtain faisnéise atá i gceist?
  6. Nílim sásta leis an gcinneadh a tógadh faoi m’iarratas – Cad is féidir a dhéanamh?
  7. An bhfuil costas ag baint leis?
  8. An féidir teacht ar mhíreanna 15 agus 16 den lámhleabhar um shaoráil faisnéise?

Cad is saoráil faisnéise ann?

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ón 21 Aibreán 1998 tá cearta nua dlíthiúla ag cách mar a leanas:

  • Ceart rochtana ar thaifid oifigiúla atá ag Ranna Rialtais nó ag comhlachtaí poiblí eile a ainmnítear san Acht.
  • Ceart aon eolas pearsanta a cheartú má bhíonn a leithéid de thaifead míchruinn, easnamhach nó dá bhféadfadh sé duine a chur amú.
  • Ceart rochtana ar chúiseanna maidir le haon chinneadh déanta ag comhlacht phoiblí a théann i bhfeidhm ar an duine féin.
  • Tá rialacháin anois ann a bhronnann na cearta thuasluaite ar thuismitheoirí, ar chaomhnóirí agus ar neasghaolta.

De réir na gcearta úd is féidir teacht ar thaifid phearsanta a cruthaíodh am ar bith agus ar thaifid eile a cruthaíodh tar éis 21 Aibrean 1998.

Conas a dhéantar iarratas ar shaoráil faisnéise?

Más mian leat iarratas ar fhaisnéis a sheoladh, féach led thoil ar an leathanach seo:

  • Eolas ar fhaisnéis a lorg

Cad is fiú saoráil faisnéise?

Mar gheall ar an Acht beidh teacht go héasca ag cách ar mhórán faisnéise oifigiúla.  Is léir ó thaithí i dtíortha eile gur tháinig feabhas mór ar an bpróiseas a bhaineann le cinneadh a thógaint agus ar na cúiseanna cuí nuair a bhí teacht ag an bpobal ar na taifid a chruthaíonn lucht na seirbhíse poiblí.

Conas a oibrítear an córas?

Faoin Acht tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí iarratais ón bpobal ar shaoráil faisnéise a fhreagairt.  De ghnáth, caithfidh an chomhlacht poiblí cinneadh a chur in iúl maidir le hiarratas laistigh de cheithre sheachtaine tar éis a fhála.

Tá dualgas freisin ar chomhlachtaí poiblí  leabhair thagartha a thabhairt i leith a léiríonn struchtúr na heagraíochta, a gcuid socruithe maidir le faisnéis a sholáthar maraon le haon rialacha, treoracha nó cleachtais dá gcuid a bhaineann le cinneadh a thógaint a rachadh i bhfeidhm ar an bpobal.

Cuireann na comhlachtaí poiblí na leabhair thagartha úd ar fáil agus beidh cuid éigin díobh ar an idirlíon nó ar CD-ROM. 

Cén rochtain faisnéise atá i gceist?

Faoin Acht is féidir aon fhaisnéis oifigiúil atá ag comhlacht phoiblí a lorg.

Ní mór, áfach, chun go riartar gnó an Rialtais mar is cóir, saghsanna áirithe faisnéise a dhíolmhú ó shaoráil i gcúinsí áirithe.  Mínítear iad so san Acht.  Ar na díolúintí is suntasaí tá taifid a bhaineann le:

  • Cruinnithe Rialtais
  • Forfheidhmiú an dlí agus slándáil
  • Eolas a bheadh rúnda nó íogar ó thaobh cúrsaí tráchtála de
  • Eolas pearsanta (seachas a bhaineann leis an duine a dhéanann an iarratas).

Nílim sásta leis an gcinneadh a tógadh faoi m’iarratas – Cad is féidir a dhéanamh?

Muna mbíonn tú sásta le cinneadh mar gheall ar d’iarratas ar shaoráil faisnéise, gheobhaidh tú breis eolais ar an leathanach seo:

  • Féach ar achomharc a dhéanamh 

An bhfuil costas ag baint leis?

Baineann táillí éagsúla le saghsanna áirithe iarratas, tá an t-eolas go léir ar an leathanach seo:

  • Féach ar táillí um shaoráil faisnéise

An féidir teacht ar mhíreanna 15 agus 16 den lámhleabhar um shaoráil faisnéise?

Is féidir.  Déan teagmháil linn led thoil más mian leat míreanna 15 agus 16 den lámhleabhar um shaoráil faisnéise a lorg:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise

Comhairle Chontae an Chabháin

Teach na Cúirte

Sráid Farnham

An Cabhán

Contae an Chabháin

Má bhíonn aon cheist eile agat maidir le saoráil faisnéise, déan teagmháil linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:

Was this information helpful?
This form is for feedback on the webpage content. If you wish to report for example potholes, faulty street lights, barking dogs or any council housing maintenance issues please use the Report it option
Thank you for contacting Cavan County Council, we will review and deal with your query and contact you if we require further information.